53. Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh;
54. an té a itheas m'fheoil agus a ólas m'fhuilse tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé an lá deireanach é.
55. Mar is bia fírinneach í m'fheoilse, agus is deoch fhírinneach í m'fhuilse.
56. An té a bhíos ag ithe m'fheolasa agus ag ól m'fholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann.
57. Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé.
58. Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh, nach ionann é agus an t‑arán a d'ith na haithreacha a fuair bás ina dhiaidh; an té a íosfas an t‑arán seo mairfidh sé go deo.”
59. Dúirt sé é sin sa tsionagóg, agus é ag teagasc i gCaparnáum.
60. Bhí mórán dá dheisceabail ann a dúirt nuair a chuala siad sin, “Is deacair an rá é sin; cé a fhéadas éisteacht leis?”
61. Ach ó bhí a fhios ag Íosa ina intinn féin go raibh a dheisceabail ag monabhar faoi sin, dúirt sé leo, “An dtugann sin oilbhéim daoibh?
62. Cad é mar sin dá bhfeicfeadh sibh Mac an duine ag ardú suas go dtí an t‑ionad a mbíodh sé ann roimhe seo?