Tiomna Nua

Eoin 6:51-70 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

51. Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh; cibé a itheas an t‑arán seo, mairfidh sé go deo; agus an t‑arán a thabharfas mé uaim mar mhaithe le beatha an domhain is é m'fheoil é.”

52. Chuaigh na Giúdaigh a dhíospóireacht á fhiafraí dá chéile, “Conas a d'fhéadfadh an fear sin a fheoil féin a thabhairt dúinn le n‑ithe?”

53. Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh;

54. an té a itheas m'fheoil agus a ólas m'fhuilse tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé an lá deireanach é.

55. Mar is bia fírinneach í m'fheoilse, agus is deoch fhírinneach í m'fhuilse.

56. An té a bhíos ag ithe m'fheolasa agus ag ól m'fholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann.

57. Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé.

58. Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh, nach ionann é agus an t‑arán a d'ith na haithreacha a fuair bás ina dhiaidh; an té a íosfas an t‑arán seo mairfidh sé go deo.”

59. Dúirt sé é sin sa tsionagóg, agus é ag teagasc i gCaparnáum.

60. Bhí mórán dá dheisceabail ann a dúirt nuair a chuala siad sin, “Is deacair an rá é sin; cé a fhéadas éisteacht leis?”

61. Ach ó bhí a fhios ag Íosa ina intinn féin go raibh a dheis­ceabail ag monabhar faoi sin, dúirt sé leo, “An dtugann sin oilbhéim daoibh?

62. Cad é mar sin dá bhfeicfeadh sibh Mac an duine ag ardú suas go dtí an t‑ionad a mbíodh sé ann roimhe seo?

63. Is é an Spiorad a thugas an bheatha; níl sé de chumhacht ag an gcorp; is spiorad agus is beatha iad na briathra atá ráite agam libh.

64. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Mar bhí a fhios ag Íosa ó thús cé hiad nár chreid, agus cé hé a dhéanfadh a bhrath.

65. Agus dúirt sé, “Is é sin an fáth gur inis mé daoibh nach bhféadann aon duine teacht chugam mura mbronnann an tAthair air é.”

66. Ina dhiaidh sin tharraing mórán dá dheisceabail siar agus níor lean siad é a thuilleadh.

67. Arsa Íosa leis an dáréag, “An ndéanfaidh sibhse mo thréigean freisin?”

68. Ba é Síomón Peadar a dúirt mar fhreagra, “A Thiarna, cé sin arbh fhiú dúinn dul chuige? Is agat atá briathra na beatha síoraí;

69. agus tá creidte againn, agus tugadh le fios dúinn, gur tusa is naofa le Dia.”

70. Arsa Íosa, “Nár thogh mé an dáréag agaibhse, agus tá duine agaibh ina dhiabhal saolta?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6