Tiomna Nua

Eoin 6:49-59 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

49. D'ith bhur n‑aithreacha an manna ar an bhfásach, agus d'éag siad.

50. Is é seo an t‑arán a thagas anuas ó neamh go n‑ithe duine é agus nach bhfaighe sé bás.

51. Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh; cibé a itheas an t‑arán seo, mairfidh sé go deo; agus an t‑arán a thabharfas mé uaim mar mhaithe le beatha an domhain is é m'fheoil é.”

52. Chuaigh na Giúdaigh a dhíospóireacht á fhiafraí dá chéile, “Conas a d'fhéadfadh an fear sin a fheoil féin a thabhairt dúinn le n‑ithe?”

53. Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh;

54. an té a itheas m'fheoil agus a ólas m'fhuilse tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé an lá deireanach é.

55. Mar is bia fírinneach í m'fheoilse, agus is deoch fhírinneach í m'fhuilse.

56. An té a bhíos ag ithe m'fheolasa agus ag ól m'fholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann.

57. Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé.

58. Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh, nach ionann é agus an t‑arán a d'ith na haithreacha a fuair bás ina dhiaidh; an té a íosfas an t‑arán seo mairfidh sé go deo.”

59. Dúirt sé é sin sa tsionagóg, agus é ag teagasc i gCaparnáum.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6