Tiomna Nua

Eoin 6:4-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Anois níorbh fhada uathu an Cháisc, an fhéile a bhíodh ag na Giúdaigh.

5. D'ardaigh Íosa a shúile ansin, agus chonaic sé chuige an slua, agus d'fhiafraigh sé de Philib, “Conas a cheannóimid arán, ionas go gcaithfidh an dream seo bia?”

6. Is á fhéachaint a dúirt sé sin, mar bhí fhios aige féin cad é a dhéanfadh sé.

7. Ba é an freagra a thug Pilib air, “Ní leor dóibh luach dhá chéad déanar d'arán, le beagán a thabhairt don uile dhuine acu.”

8. Dúirt duine dá dheisceabail leis, Aindrias deartháir Shiomóin Peadar,

9. “Tá gasúr anseo a bhfuil cúig bhuilín eorna agus dhá iasc aige; ach cad é an rud iad do shlua chomh mór leis?”

10. Arsa Íosa, “Tugaigí ar na daoine suí fúthu.” Anois bhí fairsinge féir san áit úd; shuigh na fir síos mar sin, agus bhí siad faoi chúig mhíle ann.

11. Ghlac Íosa na builíní ansin, agus d'altaigh sé iad, agus roinn sé iad ar a raibh ina suí; agus mar an gcéanna leis na héisc, an méid a bhí uathu.

12. Nuair a bhí a ndóthain ite acu, dúirt sé lena dheisceabail, “Cruinnígí an fuílleach atá fágtha, ionas nach dté aon ní amú.”

13. Chruinnigh siad mar sin é agus líon siad dhá chiseán déag le fuílleach na gcúig bhuilín eorna, a d'fhág lucht a gcaite ina ndiaidh.

14. Nuair a chonaic na daoine an comhartha a bhí déanta aige, ar siadsan, “Is é seo i bhfírinne an fáidh a bhí le teacht ar an saol!”

15. Ba léir uaidh sin d'Íosa go raibh siad ar tí teacht air agus rí a dhéanamh de le foréigean, agus d'éalaigh sé ina aonar chun na gcnoc.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6