Tiomna Nua

Eoin 6:33-43 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

33. Mar is é an t‑arán diaga an ní a thagas ó neamh anuas, agus a thugas beatha don domhan.”

34. Ar siadsan leis, “A Thiarna, bí i gcónaí ag bronnadh an aráin seo orainn.”

35. Arsa Íosa leo, “Is mise arán na beatha; níl duine dá dtagann chugam a mbeidh ocras air, ná duine dá gcreideann ionam a mbeidh tart air.

36. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach mó a chreideann sibh ionam.

37. Níl duine dá mbronnfaidh an tAthair orm nach dtiocfaidh chugam; agus an té a thiocfas chugam, ní chaithfidh mé amach é.

38. Níor tháinig mé anuas ó neamh go ndéanfainn mo thoil féin, ach toil an té a chuir uaidh mé;

39. agus is í seo toil an té a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon ní dár thug sé dom, ach go dtógfainn é sa lá deireanach.

40. Mar is í sin toil m'Atharsa, go mbeadh an bheatha shíoraí ag gach duine dá bhfeiceann an Mac agus dá gcreideann ann; agus go dtógfainn ar an aiséirí é an lá deireanach.”

41. Chuaigh na Giúdaigh a chlamhsán air, as sin a rá, “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”

42. Is é a dúirt siad, “Nach é seo Íosa, mac Iósaif, a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conas a deir sé mar sin anois, ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”

43. D'fhreagair Íosa iad, “Ná bígí ag clamhsán eadraibh féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6