Tiomna Nua

Eoin 6:32-48 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Arsa Íosa leo ansin, “Is fíor agus is fírinneach a insím daoibh, níorbh é Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh; is é m'Athairse a thugas daoibh an t‑arán neamhaí fírinneach.

33. Mar is é an t‑arán diaga an ní a thagas ó neamh anuas, agus a thugas beatha don domhan.”

34. Ar siadsan leis, “A Thiarna, bí i gcónaí ag bronnadh an aráin seo orainn.”

35. Arsa Íosa leo, “Is mise arán na beatha; níl duine dá dtagann chugam a mbeidh ocras air, ná duine dá gcreideann ionam a mbeidh tart air.

36. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach mó a chreideann sibh ionam.

37. Níl duine dá mbronnfaidh an tAthair orm nach dtiocfaidh chugam; agus an té a thiocfas chugam, ní chaithfidh mé amach é.

38. Níor tháinig mé anuas ó neamh go ndéanfainn mo thoil féin, ach toil an té a chuir uaidh mé;

39. agus is í seo toil an té a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon ní dár thug sé dom, ach go dtógfainn é sa lá deireanach.

40. Mar is í sin toil m'Atharsa, go mbeadh an bheatha shíoraí ag gach duine dá bhfeiceann an Mac agus dá gcreideann ann; agus go dtógfainn ar an aiséirí é an lá deireanach.”

41. Chuaigh na Giúdaigh a chlamhsán air, as sin a rá, “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”

42. Is é a dúirt siad, “Nach é seo Íosa, mac Iósaif, a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conas a deir sé mar sin anois, ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?”

43. D'fhreagair Íosa iad, “Ná bígí ag clamhsán eadraibh féin.

44. Ní fhéadann aon duine teacht chugamsa mura dtarraingíonn an tAthair a chuir uaidh mé é; agus tógfaidh mé é sa lá deireanach.

45. Tá sé scríofa i leabhair na bhfáithe, ‘Agus beidh Dia mar oide acu uile go léir.’ Níl duine dár chuala agus dár fhoghlaim ón Athair nach dtagann chugam.

46. Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair ach an té atá ó Dhia; tá an tAthair feicthe aige sin.

47. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, an té a chreideas tá an bheatha shíoraí aige.

48. Is mise arán na beatha.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6