Tiomna Nua

Eoin 6:28-40 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. D'fhiafraigh siad de ansin, “Cad é a chaithfimid a dhéanamh, le bheith ag déanamh oibreacha Dé?”

29. Is é a d'fhreagair Íosa, “Is í seo obair Dé, go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”

30. Leis sin ar siadsan leis, “Cad é an comhartha a dhéanfas tú mar sin, go bhfeicimid, agus go gcreidimid ionat? Cad í an obair a chuirfeas tú i gcrích?

31. Bhí ár n‑aithreacha ag ithe an mhanna ar an bhfásach; mar atá scríofa, ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le n‑ithe’.”

32. Arsa Íosa leo ansin, “Is fíor agus is fírinneach a insím daoibh, níorbh é Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh; is é m'Athairse a thugas daoibh an t‑arán neamhaí fírinneach.

33. Mar is é an t‑arán diaga an ní a thagas ó neamh anuas, agus a thugas beatha don domhan.”

34. Ar siadsan leis, “A Thiarna, bí i gcónaí ag bronnadh an aráin seo orainn.”

35. Arsa Íosa leo, “Is mise arán na beatha; níl duine dá dtagann chugam a mbeidh ocras air, ná duine dá gcreideann ionam a mbeidh tart air.

36. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach mó a chreideann sibh ionam.

37. Níl duine dá mbronnfaidh an tAthair orm nach dtiocfaidh chugam; agus an té a thiocfas chugam, ní chaithfidh mé amach é.

38. Níor tháinig mé anuas ó neamh go ndéanfainn mo thoil féin, ach toil an té a chuir uaidh mé;

39. agus is í seo toil an té a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon ní dár thug sé dom, ach go dtógfainn é sa lá deireanach.

40. Mar is í sin toil m'Atharsa, go mbeadh an bheatha shíoraí ag gach duine dá bhfeiceann an Mac agus dá gcreideann ann; agus go dtógfainn ar an aiséirí é an lá deireanach.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6