20. ach is é a dúirt sé leo, “Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.”
21. Bhí lúcháir orthu ansin faoina ghlacadh isteach sa bhád, agus ní luaithe sin déanta ná bhí an bád i dtír san áit a raibh a dtriall air.
22. An lá arna mhárach chonaic na daoine a d'fhan taobh thall den fharraige nach raibh ann ach an t‑aon bhád amháin, agus nach ndeachaigh Íosa ar an mbád lena dheisceabail, ach gur imigh a dheisceabail leo féin.
23. Ní lúide, tháinig báid as Tibérias cóngarach don áit ar ith siad an t‑arán tar éis an Tiarna é a altú.
24. Mar sin, nuair a chonaic na daoine nach raibh Íosa ná a dheisceabail ansin, chuaigh siad féin ar na báid agus chuaigh siad go Caparnáum ar lorg Íosa.
25. Nuair a tháinig siad air taobh thall den fharraige, dúirt siad leis, “A Rabbí, cá huair a tháinig tú anseo?”
26. Arsa Íosa leo, “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, ní bhíonn sibh do m'iarraidh de bharr na gcomharthaí a chonaic sibh, ach de bharr na mbuilíní ar ith sibh bhur ndóthain díobh.
27. Ná saothraígí le haghaidh an bhia a chaithfear, ach le haghaidh an bhia a mhaireas chun na beatha síoraí, an bia a thabharfas Mac an duine daoibh; ós air a chuir an tAthair a shéala.”
28. D'fhiafraigh siad de ansin, “Cad é a chaithfimid a dhéanamh, le bheith ag déanamh oibreacha Dé?”
29. Is é a d'fhreagair Íosa, “Is í seo obair Dé, go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”
30. Leis sin ar siadsan leis, “Cad é an comhartha a dhéanfas tú mar sin, go bhfeicimid, agus go gcreidimid ionat? Cad í an obair a chuirfeas tú i gcrích?
31. Bhí ár n‑aithreacha ag ithe an mhanna ar an bhfásach; mar atá scríofa, ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le n‑ithe’.”
32. Arsa Íosa leo ansin, “Is fíor agus is fírinneach a insím daoibh, níorbh é Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh; is é m'Athairse a thugas daoibh an t‑arán neamhaí fírinneach.
33. Mar is é an t‑arán diaga an ní a thagas ó neamh anuas, agus a thugas beatha don domhan.”
34. Ar siadsan leis, “A Thiarna, bí i gcónaí ag bronnadh an aráin seo orainn.”