Tiomna Nua

Eoin 6:16-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Nuair a tháinig an tráthnóna beag, chuaigh a dheisceabail síos chun na mara,

17. agus chuaigh siad ar bhád, agus d'imigh siad leo thar toinn go Caparnáum. Bhí sé dorcha faoin am sin, agus níor tháinig Íosa chucu go fóill.

18. Bhí an fharraige ag éirí leis an tréine a bhí sa ghaoth.

19. Nuair a bhí a trí nó a ceathair de mhílte curtha díobh ag iomramh, chonaic siad Íosa ag siúl na farraige agus é ag teacht cóngarach don bhád. Bhí eagla orthu,

20. ach is é a dúirt sé leo, “Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.”

21. Bhí lúcháir orthu ansin faoina ghlacadh isteach sa bhád, agus ní luaithe sin déanta ná bhí an bád i dtír san áit a raibh a dtriall air.

22. An lá arna mhárach chonaic na daoine a d'fhan taobh thall den fharraige nach raibh ann ach an t‑aon bhád amháin, agus nach ndeachaigh Íosa ar an mbád lena dheis­ceabail, ach gur imigh a dheisceabail leo féin.

23. Ní lúide, tháinig báid as Tibérias cóngarach don áit ar ith siad an t‑arán tar éis an Tiarna é a altú.

24. Mar sin, nuair a chonaic na daoine nach raibh Íosa ná a dheisceabail ansin, chuaigh siad féin ar na báid agus chuaigh siad go Caparnáum ar lorg Íosa.

25. Nuair a tháinig siad air taobh thall den fharraige, dúirt siad leis, “A Rabbí, cá huair a tháinig tú anseo?”

26. Arsa Íosa leo, “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, ní bhíonn sibh do m'iarraidh de bharr na gcomharthaí a chonaic sibh, ach de bharr na mbuilíní ar ith sibh bhur ndóthain díobh.

27. Ná saothraígí le haghaidh an bhia a chaithfear, ach le haghaidh an bhia a mhaireas chun na beatha síoraí, an bia a thabharfas Mac an duine daoibh; ós air a chuir an tAthair a shéala.”

28. D'fhiafraigh siad de ansin, “Cad é a chaithfimid a dhéanamh, le bheith ag déanamh oibreacha Dé?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 6