33. Chuir sibh teachtairí chuig Eoin, agus tá fianaise tugtha aige ar an bhfírinne.
34. Ní fhágann sin gur daonna an fhianaise a thagas chugam; ach deirim an méid sin ionas go slánaítear sibh.
35. Ba loiscneach lonrach an lampa é, agus thoiligh sibh go ceann tamaill lúcháir a bheith oraibh faoina sholas.
36. Ach tá fianaise agam is mó ná fianaise Eoin; mar na hoibreacha a dheonaigh an tAthair dom a chur i gcrích, bíonn na hoibreacha seo atá á ndéanamh agam ag tabhairt fianaise orm gurb é an tAthair a chuir uaidh mé.
37. Agus tá fianaise tugtha ag an Athair a chuir uaidh mé, é féin. Níor chuala sibh a ghlór riamh, ná ní fhaca sibh a chruth;
38. agus ní bhíonn a bhriathar agaibh ag fanacht ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir sé uaidh.
39. Bíonn sibh ag ransú na scrioptúr, mar síleann sibh gur iontu atá an bheatha shíoraí agaibh; agus is iad a thugas fianaise orm;
40. ach ní toil libh teacht chugamsa ionas go mbeidh an bheatha agaibh.
41. Ni ghlacaim le glóir ó dhaoine.
42. Ach tá a dhea-fhios agam nach bhfuil grá Dé ionaibh.
43. Tháinig mé in ainm m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine chugaibh ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.
44. Conas a chreidfeas sibhse, a ghlacas glóir óna chéile agus nach n‑iarrann sibh an ghlóir a thagas ón aon Dia amháin?
45. Ná síligí go gcúiseoidh mise sibh i láthair an Athar; is é Maois a chúisíos sibh, an té sin ar chuir sibh bhur ndóchas ann.
46. Dá gcreidfeadh sibh i Maois, chreidfeadh sibh ionamsa, ós i mo thaobhsa atá scríofa aige.
47. Ach mura gcreideann sibh a scríbhinní siúd, conas a chreidfeas sibh mo bhriathrasa?”