Tiomna Nua

Eoin 5:17-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Ach is é an freagra a thug Íosa orthu, “Bíonn m'Athair i gceann a chuid oibre go fóill, agus bímse ag obair.”

18. Ba í sin an chúis a bhí ag na Giúdaigh le bheith ag iarraidh ní ba dhéine a chur chun báis, mar ní hamháin gur sháraigh sé an tsabóid, ach thug sé Athair ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.

19. Dúirt Íosa leo, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, ní fhéadann an Mac aon ní a dhéanamh dá dheoin féin, ach amháin an ní a bhfeiceann sé an tAthair á dhéanamh; mar an ní a dhéanann seisean, is é a dhéanann an Mac mar an gcéanna.

20. Mar bíonn grá ag an Athair don Mhac, agus taispeánann sé dó a mbíonn á dhéanamh aige féin; agus taispeánfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo dó, ionas go mbeidh iontas oraibh.

21. Mar a thógann an tAthair na mairbh agus mar a thugann sé beatha dóibh, is mar sin a thugann an Mac an bheatha don dream is áil leis.

22. Ní thugann an tAthair breithiúnas ar aon duine, ach tá an breithiúnas uile tugtha aige don Mhac,

23. ionas go mbeidh onóir ag na daoine uile don Mhac mar a bhíos acu don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

24. Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, an té a chluineas mo bhriatharsa agus a chreideas sa té a chuir uaidh mé, is aige atá an bheatha shíoraí; ní thagann sé faoi bhreithiúnas, ach tá aistrithe aige ó bhás go beatha.

25. “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, tá an uair ag teacht, agus tá si ann cheana féin, a gcluinfidh na mairbh glór Mhac Dé, agus mairfidh a gcluinfidh é beo.

26. Ó mar atá an bheatha ann féin ag an Athair, tá bronnta aige ar an Mac an bheatha a bheith ann féin,

27. agus thug sé údarás dó leis an mbreithiúnas a chur i gcrích, ós é Mac an duine é.

28. Nárab iontas libh sin; mar tá an uair ag teacht nuair a chluinfeas a bhfuil sna tuamaí a ghlór

29. agus tiocfaidh siad amach, an méid acu a rinne an mhaith, chun aiséirí na beatha, agus an méid a rinne an t‑olc, chun aiséirí an bhreithiúnais.

30. “Ní bhíonn cumas agam le haon ní a dhéanamh ar m'údarás féin; an bhreith a chluinim, is í a thugaim; agus is ceart an bhreith agam í, ó nach mbím ag iarraidh mo thola féin ach toil an té a chuir uaidh mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 5