Tiomna Nua

Eoin 4:27-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

27. Ba é sin an t‑am ar tháinig a dheisceabail. B'iontach leo é a bheith ag caint le bean, ach ní raibh sé de dhánacht ag aon duine acu a rá, “Cad é atá uait?” nó “Cad chuige a bhfuil tú ag caint léi?”

28. D'fhág an bhean mar sin a soitheach uisce ina diaidh, agus d'imigh léi chun na cathrach, go ndúirt leis na daoine,

29. “Tagaigí, go bhfeice sibh fear a d'aithris dom a ndearna mé riamh. An féidir gurb é sin an Críost?”

30. D'imigh siad amach as an gcathair agus bhí siad ag tarraingt air.

31. Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá, “A Rabbí, caith bia.”

32. Ach ar seisean leo, “Tá bia le n‑ithe agam nach eol daoibhse.”

33. B'shiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?”

34. Ach is é a dúirt Íosa leo, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh.

35. Nach ndeir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar’? Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair.

36. Faigheann an buanaí a thuarastal, agus cruinníonn sé toradh le haghaidh na beatha síoraí, mar dhúil is go mbeidh an buanaí agus fear curtha an tsíl faoi lúcháir le chéile.

37. Mar is anseo a fhíoraítear an nath, ‘An té a chuir an síol, ní hé a bhainfeas an barr’.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 4