Tiomna Nua

Eoin 4:11-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. Arsa an bhean leis, “A Shaoi, níl aon ghléas tarraingthe agat, agus is domhain an tobar é; cá has a bhfaigheann tú an t‑uisce úd na beatha?

12. An mó tusa ná ár ngarathair Iácób, a thug an tobar dúinn, agus a d'ól as é féin agus a chlann mhac agus a chuid eallaigh?”

13. Arsa Íosa léi, “Níl duine dá n‑ólann an t‑uisce seo nach mbeidh tart air arís,

14. ach an té a ólfas an t‑uisce a thabharfas mé dó, ní bheidh tart air choíche; éireoidh an t‑uisce a thabharfas mé dó ina thobar fíoruisce a mbíonn an bheatha shíoraí ag coipeadh as.”

15. Arsa an bhean leis, “A Shaoi, tabhair an t‑uisce sin dom, ionas nach mbeidh tart orm, agus ionas nach mbeidh sé de shaothar orm teacht anseo le huisce a tharraingt.”

16. “Arsa Íosa léi, “Imigh, glaoigh ar do chéile fir, agus tagaigí anseo.”

17. D'fhreagair an bhean é, “Níl céile fir agam.” Arsa Íosa léi, “Is ceart mar a dúirt tú é, go raibh tú gan céile fir;

18. mar tá cúigear fear céile i ndiaidh a bheith agat, agus an té atá agat anois ní hé d'fhear céile féin é; tá an fhírinne agat sa mhéid sin atá inste agat.”

19. Arsa an bhean leis, “A Shaoi, táthar á thaibhsiú dom gur tú an fáidh feasa.

20. Bhíodh ár sinsear ag adhradh ar an sliabh seo; agus is é a deir sibhse gurb í Iarúsailéim an áit ar chóir do dhaoine adhradh a dhéanamh inti.”

21. Arsa Íosa léi, “A bhean úd, creid uaimse é, tá an t‑am ag teacht nach n‑adharfaidh sibh an tAthair ar an sliabh seo ná in Iarúsailéim ach oiread.

22. Níl fhios agaibh cad é atá sibh á adhradh; is feasach dúinne cad é a bhíos á adhradh againn, mar is ó na Giúdaigh a thagann an slánú.

23. Ach tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, a mbeidh lucht an fhíoradhartha ag adhradh an Athar sa Spiorad agus san fhírinne, mar is iad a leithéidí a lorgaíos an tAthair lena adhradh.

24. Is Spiorad é Dia, agus caithfidh a lucht adhartha a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne.”

25. Dúirt an bhean leis, “Tá a fhios agam go bhfuil an Messía ag teacht (an té a dtugtar an Críost air); nuair a thiocfas seisean, níl ní nach nochtfaidh sé dúinn.”

26. Arsa Íosa léi, “Is mise é, agus tá sé ag caint leat.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 4