1. Anois nuair a d'aithin an Tiarna gur chuala na Fairiséigh go raibh Íosa ag sárú Eoin ag déanamh deisceabal agus á mbaisteadh,
2. (cé nárbh é Íosa féin a bhíodh á mbaisteadh, ach a dheisceabail amháin),
3. d'fhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair.
4. Agus bhí air dul trí Shamária.
5. Tháinig sé mar sin go cathair de chuid Shamária a raibh Saicar mar ainm uirthi, a bhí cóngarach don ghort a thug Iácób dá mhac Iósaf.
6. Is ansin a bhí tobar Iácóib, agus ó bhí Íosa tuirseach dá shiúl, shuigh sé faoi le taobh an tobair. Bhí sé i dtrátha an séú huair (den lá).
7. Tháinig bean Shamaratánach le huisce a tharraingt. “Tabhair deoch dom,” arsa Íosa léi.
8. Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach.
9. D'fhiafraigh an bhean Shamaratánach de, “Conas a d'iarrfá deoch ar bhean Shamaratánach agus tú i do Ghiúdach?” Mar ní bhíonn na Giúdaigh ag déanamh caidrimh leis na Samaratánaigh.
10. D'fhreagair Íosa í, “Dá mb'eol duit tíolacadh Dé, agus cé sin a deir leat, ‘Tabhair deoch dom,’ bheifeá i ndiaidh a iarraidh air, agus é i ndiaidh fíoruisce na beatha fíre a thabhairt duit.”
11. Arsa an bhean leis, “A Shaoi, níl aon ghléas tarraingthe agat, agus is domhain an tobar é; cá has a bhfaigheann tú an t‑uisce úd na beatha?
12. An mó tusa ná ár ngarathair Iácób, a thug an tobar dúinn, agus a d'ól as é féin agus a chlann mhac agus a chuid eallaigh?”
13. Arsa Íosa léi, “Níl duine dá n‑ólann an t‑uisce seo nach mbeidh tart air arís,
14. ach an té a ólfas an t‑uisce a thabharfas mé dó, ní bheidh tart air choíche; éireoidh an t‑uisce a thabharfas mé dó ina thobar fíoruisce a mbíonn an bheatha shíoraí ag coipeadh as.”