27. D'fhreagair Eoin, “Ní féidir le haon duine aon ní a fháil ach a mbronntar air ó neamh.
28. Fágaim a fhianaise oraibh féin, go ndúirt mé, Ní mé an Críost, ach gur roimhe a cuireadh mé.
29. An té a mbíonn an bhrídeog aige is é an fear nuaphósta é; ach cara an fhir nuaphósta, a sheasas leis agus a éisteas leis, bíonn glór an fhir nuaphósta ina ábhar mór lúcháire dó; dá bhrí sin de tá mo lúcháirse lán anois.
30. Tá air dul i dtreise, ach tá orm maolú.”
31. An té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn an uile ní; an té atá as an talamh is leis an talamh é, agus is i dtaobh an talaimh a labhraíos sé; an té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn gach uile dhuine.
32. Tugann sé fianaise ar a bhfuil feicthe agus cluinte aige, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise;
33. an té a ghlacas lena fhianaise, cuireann sé a shéala leis seo, go bhfuil an fhírinne ag Dia.
34. Mar an té a chuir Dia uaidh, luann sé na briathra a labhair Dia, mar níl teorainn leis nuair a thugann sé an Spiorad;
35. tá grá ag an Athair don Mhac, agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige.
36. An té a chreideas sa Mhac bíonn an bheatha shíoraí aige; ach an té nach n‑umhlaíonn don Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach fanann sé faoi fhearg Dé.