Tiomna Nua

Eoin 3:14-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Agus mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú,

15. i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.

16. Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.

17. Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd.

18. An té a chreideas ann ní dhaortar é; an té nach gcreideann ann tá sé daortha cheana féin, de bhri nach bhfuil creidte aige in Ainm aon Mhac Dé.

19. Agus is é seo an bhreith, go bhfuil an solas tar éis teacht ar an saol, agus gurbh ansa le daoine an dorchadas ná an solas, ar an tsiocair go raibh a ngníomhartha olc.

20. Mar níl duine dá mbíonn ag déanamh an oilc nach mbíonn fuath aige ar an solas, agus ní thagann sé chun an tsolais, ar eagla go nochtfaí a ghníomhartha.

21. Ach an té a bhíos ag cur na fírinne i ngníomh, bíonn seisean ag teacht chun an tsolais, sa chruth go bhfeicfí go soiléir gur oibríodh a ghníomharthasan i nDia.

22. Ina dhiaidh sin thug Íosa agus a dheisceabail tír Iúdaea orthu féin; agus d'fhan sé leo ansin agus bhíodh sé ag baisteadh.

23. Bhi Eoin ag baisteadh freisin in Aénon cóngarach do Shalim, ó bhí mórán uisce san áit; agus bhíodh daoine ag teacht chuige agus á mbaisteadh.

24. Mar níor cuireadh Eoin i bpríosún go fóill.

25. D'éirigh conspóid ansin idir deisceabail Eoin agus Giúdach i dtaobh an ghlanta.

26. Agus thángthas chuig Eoin agus dúradh leis, “A Rabbí, an té sin a bhí agat taobh thall den Iornán, ar thug tú an fhianaise air, seo anseo ag baisteadh é, agus an slua ag tarraingt air.”

27. D'fhreagair Eoin, “Ní féidir le haon duine aon ní a fháil ach a mbronntar air ó neamh.

28. Fágaim a fhianaise oraibh féin, go ndúirt mé, Ní mé an Críost, ach gur roimhe a cuireadh mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 3