Tiomna Nua

Eoin 21:10-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Arsa Íosa leo, “Tugaigí libh cuid de na héisc a ghabh sibh ar ball.”

11. Chuaigh Síomón Peadar mar sin ar bhord an bháid gur tharraing an líon aníos ar an trá, agus é lán d'éisc mhóra, céad, caoga is trí cinn acu; agus i ndiaidh an mhéid a bhí ann acu, ní raibh an líon stróicthe.

12. Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é.

13. Tháinig Íosa gur ghlac sé agus gur thug sé dóibh an t‑arán, agus an t‑iasc mar an gcéanna.

14. Ba é sin anois an tríú huair ar thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail i ndiaidh é a éiri ó mhairbh.

15. Nuair a bhí a mbricfeasta caite acu, arsa Íosa le Síomón Peadar, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an mó an grá atá agat dom ná an grá atá acu seo?” Ar seisean leis, “Is ea, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.” Ar seisean leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chuid uan.”

16. Dúirt sé leis an dara huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Deir sé leis, “Tá, a Thiarna, tá a fhios agat an cion atá agam ort.” Dúirt sé leis, “Déan buachailleacht ar mo chaoirigh.”

17. Dúirt sé leis an triú huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” Ghoill sé ar Pheadar gur fhiafraigh sé de an triú huair, “An bhfuil cion agat orm?” Agus dúirt sé leis, “A Thiarna, tá fios gach feasa agat; tá a fhios agat an grá atá agam duit.” Arsa Íosa leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chaoirigh.

18. Go deimhin agus go dearfa deirim leat, nuair a bhí tú óg, bhíteá do do chóiriú féin, agus ag siúl mar ba thoil leat féin, ach nuair a bheas tú anonn in aois, beidh tú ag síneadh amach do ghéag, agus beidh duine eile do do chóiriú agus do d'iompar in áit nár thoiligh tú.”

19. (Dúirt sé sin ag léiriú an bháis a nglóireodh sé Dia leis.) Agus i ndiaidh sin a rá leis dúirt sé leis, “Lean mise.”

20. Thiontaigh Peadar thart, agus chonaic sé ag leanúint ina ndiaidh an deisceabal ab ansa le hÍosa, an té sin a bhí ina luí ina ucht ag an suipéar, agus a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, cé a dhéanfas do bhrath?”

21. Nuair a chonaic Peadar é, d'fhiafraigh sé d'Íosa, “A Thiarna, cad é faoin duine seo?”

22. Deir Íosa leis, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean tusa mise.”

23. Scaip an briathar sin i measc na mbráithre agus shíl siad nach bhfaigheadh an deisceabal úd bás; ach ní dúirt Íosa leis nach raibh sé le bás a fháil, ach dúirt sé, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 21