Tiomna Nua

Eoin 21:1-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail athuair chois Mhuir Thibérias agus is mar seo a thaispeáin sé é féin.

2. Bhi Síomón Peadar, Tomás dar gaireadh Didumas, Natanael as Cána i nGalailí, clann mhac Shebidé, agus beirt eile dá dheisceabail i gcuideachta a chéile.

3. Dúirt Síomón Peadar leo, “Táim ag dul a iascaireacht.” Dúirt siadsan, “Rachaimidne leat freisin.” D'imigh siad mar sin agus chuaigh siad ar an mbád; ach níor mharaigh siad iasc ar bith an oíche úd.

4. Bhí spéartha an lae ann cheana féin, nuair a bhí Íosa ina sheasamh ar an trá; ach ní raibh a fhios ag na deisceabail gurbh é Íosa a bhí ann.

5. Arsa Íosa leo, “A chlann óg, an bhfuil iasc ar bith libh?” “Níl,” a dúirt siad lena fhreagairt.

6. Ar seisean leo, “Cuirigí bhur líon ar thaobh deas an bháid, agus gheobhaidh sibh rud éigin.” Chuir siad mar sin é, agus níor fhéad siad an líon a tharraingt isteach le méid na n‑iasc a bhí ann.

7. Dúirt an deisceabal úd ab ansa le hÍosa le Peadar, “Is é an Tiarna atá ann!” Nuair a chuala Síomón Peadar gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhaill éadaigh air, a bhí curtha de aige chun na hoibre, agus thug sé léim amach san fharraige.

8. Ach tháinig na deisceabail eile sa bhád, ó nach raibh idir iad agus an cladach ach tuairim is céad slat, agus lán an lín d'éisc á tharraingt ina ndiaidh acu.

9. Nuair a tháinig siad i dtír, chonaic siad tine fhioghuail ann agus iasc uirthi, agus builíní aráin.

10. Arsa Íosa leo, “Tugaigí libh cuid de na héisc a ghabh sibh ar ball.”

11. Chuaigh Síomón Peadar mar sin ar bhord an bháid gur tharraing an líon aníos ar an trá, agus é lán d'éisc mhóra, céad, caoga is trí cinn acu; agus i ndiaidh an mhéid a bhí ann acu, ní raibh an líon stróicthe.

12. Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é.

13. Tháinig Íosa gur ghlac sé agus gur thug sé dóibh an t‑arán, agus an t‑iasc mar an gcéanna.

14. Ba é sin anois an tríú huair ar thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail i ndiaidh é a éiri ó mhairbh.

15. Nuair a bhí a mbricfeasta caite acu, arsa Íosa le Síomón Peadar, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an mó an grá atá agat dom ná an grá atá acu seo?” Ar seisean leis, “Is ea, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.” Ar seisean leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chuid uan.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 21