Tiomna Nua

Eoin 2:5-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Ba é a dúirt a mháthair leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a deir sé libh.”

6. Anois bhí sé shoitheach cloiche ina seasamh ansin, le haghaidh gnásanna glanta na nGiúdach, a dtoillfeadh fiche nó tríocha galún iontu.

7. “Líonaigí na soithigh d'uisce,” arsa Íosa leo. Agus líon siad go béal iad.

8. Dúirt sé leo, “Tarraingígí astu anois, agus tugaigí libh chuig maor na coirme é.” Thug siad chuige é mar sin.

9. Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta

10. agus ar seisean leis, “Bíonn na daoine uile ag tabhairt amach an dea-fhíona i dtús coirme; agus an díogha ansin ar deireadh nuair a bhítear i ndiaidh braon maith a ól; ach tá an dea-fhíon coinnithe siar agat go dtí anois!”

11. Rinne Íosa sin i gCána i nGalailí, an chéad chomhartha dá chomharthaí, agus nocht sé a ghlóir; agus chreid a dheisceabail ann.

12. Ina dhiaidh sin chuaigh sé síos go Caparnáum, é féin agus a mháthair agus a dheartháireacha, agus a dheis­ceabail; agus d'fhan siad tamall de laethanta ansin.

13. Ba ghairid uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.

14. Sa teampall dó, tháinig sé ar lucht díolta na ndamh agus na gcaorach agus na gcolm, agus lucht malartaithe an airgid agus iad i gceann a ngnó.

15. Agus d'fhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn.

16. Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach m'Athar-sa.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 2