15. Agus d'fhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn.
16. Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach m'Athar-sa.”
17. Ba chuimneach lena dheisceabail gur scriobhadh, “Beidh mo dhíograis do do theachsa do mo chnaí.”
18. “D'fhiafraigh na Giúdaigh de ansin, “Cad é an comhartha a thaispeánfas tú dúinn lena bhfuil déanta agat?”
19. Ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Leagaigí an teampall seo go lár, agus beidh sé atógtha agamsa i dtrí lá.”
20. Dúirt na Giúdaigh ansin, “Ghlac sé sé bliana agus daichead leis an teampall seo a thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”
21. “Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint.
22. Nuair a tógadh é ar an aiséirí ó mhairbh, ba ansin ba chuimhneach lena dheisceabail go raibh sé sin ráite aige; agus chreid siad don scrioptúr agus don bhriathar a bhí ráite aige.
23. “Anois nuair a bhí sé in Iarúsailéim ag féile na Cásca, chreid mórán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a mbíodh sé á ndéanamh;
24. ach níor thaobhaigh Íosa é féin leo,
25. as siocair gur thuig sé iad uile agus nach raibh feidhm aige ar dhuine a thabharfadh fianaise dó i dtaobh an duine; mar bhí a dhea-fhios aige féin faoi cad é ab fhiú an duine.