Tiomna Nua

Eoin 2:13-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Ba ghairid uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.

14. Sa teampall dó, tháinig sé ar lucht díolta na ndamh agus na gcaorach agus na gcolm, agus lucht malartaithe an airgid agus iad i gceann a ngnó.

15. Agus d'fhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn.

16. Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach m'Athar-sa.”

17. Ba chuimneach lena dheisceabail gur scriobhadh, “Beidh mo dhíograis do do theachsa do mo chnaí.”

18. “D'fhiafraigh na Giúdaigh de ansin, “Cad é an comhartha a thaispeánfas tú dúinn lena bhfuil déanta agat?”

19. Ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Leagaigí an teampall seo go lár, agus beidh sé atógtha agamsa i dtrí lá.”

20. Dúirt na Giúdaigh ansin, “Ghlac sé sé bliana agus daichead leis an teampall seo a thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”

21. “Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 2