Tiomna Nua

Eoin 19:27-40 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

27. Ar seisean ansin leis an deisceabal, “Féach í, do mháthairse.” Agus ón uair ud amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin í.

28. Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ní críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé, “Tá tart orm.”

29. Bhí soitheach lán d'fhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é.

30. Nuair a bhí an fínéagar glactha ag Íosa, dúirt sé, “Tá críoch curtha air,” agus d'umhlaigh sé a cheann go dtí gur fhág an anáil é.

31. Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard-fhéile), d'iarr na Giúdaigh ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáil as.

32. Mar sin tháinig na saighdiúirí gur bhris siad cosa an chéad duine agus an dara duine a bhí á gcéasadh ina chuideachta;

33. ach nuair a tháinig siad chuig Íosa agus nuair a chonaic siad go raibh sé marbh cheana, ní dhearna siad a chosa a bhriseadh.

34. Ach is é rud, sháigh duine de na saighdiúirí sleá ina thaobh, agus tháinig fuil agus uisce amach ar an toirt.

35. Tá fianaise tugtha ag an té a chonaic é—is fíor a fhianaise, agus tá a dhea-fhios aige go bhfuil sé ag insint na fírinne—ionas go gcreide sibhse freisin.

36. Mar tharla na nithe seo ionas go bhfíorófaí an scrioptúr, “Ní bhrisfear cnámh dá chnámha.”

37. Agus deir scrioptúr eile arís, “Amharcfaidh siad ar an té sin ar tholl siad a thaobh.”

38. Bhi Iósaf as Arimatía ina dheisceabal ag Íosa, ach faoi choim, le heagla roimh na Giúdaigh. D'iarr seisean cead ar Phíoláid le corp Íosa a ardú leis, agus thug Píoláid an cead sin dó. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp.

39. Tháinig Nicodémus freisin, an té sin a tháinig chuige san oíche an chéad uair, agus meascán miorra agus aló leis a bhí tuairim is an céad punt meáchain.

40. Ghlac siadsan corp Íosa, gur fhill i bhfáisceáin línéadaigh agus i spíosraí é, de réir ghnás adhlactha na nGiúdach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19