Tiomna Nua

Eoin 19:2-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Agus d'fhigh na saighdiúirí coróin de spíonta, gur chuir ar a cheann í, agus chaith siad fallaing chorcra thar a chorp;

3. thagaidis aníos chuige, á rá, “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” agus bhuailidís bosa air ansin.

4. Chuaigh Píoláid amach arís, agus dúirt sé leo, “Seo daoibh, táim á thabhairt os bhur gcomhair, ionas go bhfeice sibh nach bhfaighim coir ná locht air.”

5. Tháinig Íosa amach mar sin faoin gcoróin spíne agus faoin bhfallaing chorcra. Dúirt Píoláid leo, “Seo daoibh an fear!”

6. Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in ard a gcinn, “Céas é, céas é!” Dúirt Píoláid leo, “Glacaigí agus crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann.”

7. D'fhreagair na Giúdaigh é, “Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é.”

8. Nuair a chuala Píoláid na focail seo, bhí tuilleadh eagla air;

9. chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúirt sé le hÍosa, “Cá has ar tháinig tú?” Ach níor thug Íosa freagra air.

10. Dúirt Píoláid leis mar sin, “An é nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta agam?”

11. D'fhreagair Íosa é, “Ní bheadh cumhacht agat orm murab é gur tugadh duit ó neamh í; dá bhrí sin is mó an peaca atá ar an té a chuir idir do lámha mé.”

12. Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh na Giúdaigh in ard a gcinn, “Má scaoileann tú an duine sin, ní aon chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in éadan Chaesair.”

13. Nuair a chuala Píoláid na focail seo, thug sé Íosa amach leis, agus shuigh sé faoi ar bhinse an bhreithiúnais san áit a dtugtar Sráid na Leac air, nó Gabbatá in Eabhrais.

14. Anois ba í Bigil Fhéile na Cásca í i dtrátha an séú huair. Ar seisean leis na Giúdaigh, “Seo daoibh bhur Rí!”

15. Ghlaoigh siadsan os ard, “Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun na croiche!” Arsa Píoláid leo, “An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?” D'fhreagair na hardsagairt, “Níl de rí os ar gcionn amach ó Chaesar.”

16. Chuir sé ansin idir a lámha é lena chrochadh.

17. Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais.

18. Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuideachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu.

19. Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an scríbhinn a bhí air, “Íosa as Nasair, Ri na nGiúdach.”

20. Mar sin léigh mórán de na Giúdaigh an teideal sin, mar ba chóngarach don chathair é ionad chéasta Íosa; agus ó bhí sé scríofa in Eabhrais agus i Laidin agus i nGréigis.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19