Tiomna Nua

Eoin 19:15-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

15. Ghlaoigh siadsan os ard, “Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun na croiche!” Arsa Píoláid leo, “An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?” D'fhreagair na hardsagairt, “Níl de rí os ar gcionn amach ó Chaesar.”

16. Chuir sé ansin idir a lámha é lena chrochadh.

17. Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais.

18. Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuideachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu.

19. Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an scríbhinn a bhí air, “Íosa as Nasair, Ri na nGiúdach.”

20. Mar sin léigh mórán de na Giúdaigh an teideal sin, mar ba chóngarach don chathair é ionad chéasta Íosa; agus ó bhí sé scríofa in Eabhrais agus i Laidin agus i nGréigis.

21. Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Píoláid ansin, “Ná scríobh, ‘Rí na nGiúdach,’ scríobh, ‘Sin duine a dúirt, Is mé Rí na nGiúdach.’”

22. D'fhreagair Píoláid, “Tá a bhfuil scríofa agam scríofa.”

23. Nuair a bhí Íosa curtha ar chrois a chéasta ag na saighdiúirí ghlac siad a bhaill éadaigh go ndearna ceithre chuid díobh, cuid do gach saighdiúir acu; agus a thuineach. Ach is tuineach gan uaim a bhí inti, agus é fite in aon phíosa amháin ó bhun go barr;

24. dúirt siad lena chéile mar sin, “Ná stróicimis é, caithimis crainn cé aige a mbeidh sé.” Tharla sin leis an scríoptúr a fhíorú,“Roinn siad mo bhaill éadaigh eatarthu,agus chaith siad crainn ar m'éadach,”

25. Ba é sin an ní a rinne na saighdiúirí. Ach ba iad a bhí ina seasamh faoi chrois Íosa a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Muire bean Chlopas, agus Muire Mhaghdaléanach.

26. Nuair a chonaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ansa leis ina sheasamh ina haice, ar seisean lena mháthair, “A bhean úd, féach do mhac.”

27. Ar seisean ansin leis an deisceabal, “Féach í, do mháthairse.” Agus ón uair ud amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin í.

28. Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ní críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé, “Tá tart orm.”

29. Bhí soitheach lán d'fhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19