Tiomna Nua

Eoin 19:1-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ghlac Píoláid Íosa ansin gur chuir á sciúrsáil é.

2. Agus d'fhigh na saighdiúirí coróin de spíonta, gur chuir ar a cheann í, agus chaith siad fallaing chorcra thar a chorp;

3. thagaidis aníos chuige, á rá, “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” agus bhuailidís bosa air ansin.

4. Chuaigh Píoláid amach arís, agus dúirt sé leo, “Seo daoibh, táim á thabhairt os bhur gcomhair, ionas go bhfeice sibh nach bhfaighim coir ná locht air.”

5. Tháinig Íosa amach mar sin faoin gcoróin spíne agus faoin bhfallaing chorcra. Dúirt Píoláid leo, “Seo daoibh an fear!”

6. Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in ard a gcinn, “Céas é, céas é!” Dúirt Píoláid leo, “Glacaigí agus crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann.”

7. D'fhreagair na Giúdaigh é, “Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é.”

8. Nuair a chuala Píoláid na focail seo, bhí tuilleadh eagla air;

9. chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúirt sé le hÍosa, “Cá has ar tháinig tú?” Ach níor thug Íosa freagra air.

10. Dúirt Píoláid leis mar sin, “An é nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta agam?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 19