Tiomna Nua

Eoin 18:11-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. Arsa Íosa le Peadar, “Cuir do chlaíomh isteach ina thruaill; an é nach n‑ólfaidh mé an cupán a thug m'Athair dom le n‑ól?”

12. Tháinig siad mar sin, an complacht saighdiúirí agus a gceannfort agus oifigigh na nGiúdach, ar Íosa, agus ghabh siad é agus cheangail siad é.

13. Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd.

14. Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail.

15. Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt,

16. fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach.

17. Is é a dúirt an cailín a bhí ina doirseoir le Peadar, “Nach duine de dheisceabail an fhir seo tú freisin?” “Ní hea,” ar seisean.

18. Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin.

19. Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc.

20. Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin.

21. Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.”

22. Nuair a dúirt sé sin, tharraing duine de na hoifigigh a bhí ina sheasamh ansin buille boise ar leiceann Íosa, agus dúirt sé, “An mar sin a fhreagraíos tú an t‑ardsagart?”

23. D'fhreagair Íosa, “Má labhair mé go holc, tabhair fianaise faoin olc; ach má labhair mé go maith, cad chuige duit bheith ag bualadh buille orm?”

24. Chuir Annas ansin é chuig Caiafas an t‑ardsagart.

25. Anois bhí Síomón Peadar ina sheasamh á ghoradh féin. Fiafraíodh de, “Nach duine dá dheisceabailsean tusa freisin?” Shéan sé é agus dúirt sé, “Ní hea.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 18