Tiomna Nua

Eoin 17:6-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. “Tá d'ainm nochta agam do na fir a thug tú dom as an domhan; ba leat iad, agus thug tú dom iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.

7. Tá fhios acu anois gur uait ar thug tú dom;

8. mar thug mé dóibh uaim na briathra a thug tusa dom, agus ghlac siad leo agus d'aithin siad i bhfirinne gur uait a tháinig mé, agus chreid siad gur chuir tú uait mé.

9. Táim ag iarraidh achainí ar a sonsan; ní ar son an domhain atáim ag iarraidh na hachainí ach ar son an dreama seo a thug tú dom, ós leat iad;

10. is leat a bhfuil agam, agus is liom a bhfuil agat, agus is iad is ábhar glóirithe dom.

11. Agus anois ní den saol seo mé, ach tá siadsan ar an saol, agus mise ar mo shlí chugatsa. A Athair Naofa, coinnigh iad san ainm sin agat a thug tú domsa, ionas go mbeidh siadsan aontaithe, ar an nós céanna agus atáimidne aontaithe.

12. Nuair a bhí mé leo, choinnigh mé iad san ainm sin agat a thug tú domsa; bhí mé i mo sciath chosanta acu, agus níor cailleadh aon duine acu ach an mac mallachta, ionas go bhfíorófaí an scrioptúr.

13. Ach anois táim ag teacht chugat; agus táim ag rá na cainte seo sa domhan, ionas go mbí mo lúcháirse á chomhlíonadh iontu féin.

14. Thug mé do bhriathar dóibh; agus thug an saol fuath dóibh ó nach den saol iad, mar nach den saol mise.

15. Nil mé ag achainí ort a dtógáil as an saol, ach a gcoinneáil saor ón drochsprid.

16. Ni den saol iad, mar nach den saol mé féin.

17. Naomhaigh leis an bhfírinne iad; is é do bhriatharsa an fhírinne.

18. De réir mar a chuir tú mise isteach sa domhan, is amhlaidh a chuir mise amach sa domhan iad.

19. Agus mar mhaithe leo bím do mo naomhú féin, ionas go naomhaítear iad freisin leis an bhfírinne.

20. “Níl mé ag guí ar son an dreama seo amháin, ach ar son an dreama sin freisin a chreideas ionam trína mbriathar siúd,

21. go mbí siad uile aontaithe le chéile; mar a bhíos tusa, a Athair, ionam, agus mise ionat, gur mar sin a bheas siad ionainne, ionas go gcreide an domhan gur chuir tú uait mé.

22. Tá an ghlóir tugtha agam dóibh a thug tú dom, ionas go mbí siad aontaithe mar atáimidne aontaithe,

23. mise iontu agus tusa ionam, ionas go mbí siad ina n‑aon, ionas go n‑aithní an saol gur chuir tú chucu mé agus gur ghráigh tú iad mar a ghráigh tú mise.

24. A Athair, ba mhian liom ar thug tú dom a bheith liom freisin mar a bhfuilim, leis an nglóir a fheiceáil a thug tú dom le grá dom a bhí agat dom roimh bhunú an domhain.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 17