Tiomna Nua

Eoin 16:24-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Níor iarr sibh aon ní i m'ainmse go dtí anois; iarraigí, agus gheobhaidh sibh, ionas go mbí bhur lúcháir lán.

25. “Tá an méid sin ráite agam libh i samhlaoidí; tá an t‑am ag teacht nach labhróidh mé níos mó i samhlaoidí, an t‑am a n‑inseoidh mé go soiléir sothuigthe daoibh i dtaobh an Athar.

26. Sa lá úd beidh sibh ag déanamh bhur n‑iarratas i m'ainmse; agus níl mé ag rá go nguífidh mé an tAthair ar bhur son;

27. mar bíonn grá ag an Athair féin daoibh, ó thug sibh grá dom agus ó tá sé creidte agaibh gur tháinig mé ón Athair.

28. Tháinig mé amach ón Athair agus isteach sa domhan; táim ag imeacht arís ón domhan le dul chuig an Athair.”

29. Arsa na deisceabail, “Seo anois ag labhairt go soiléir sothuigthe tú, gan samhlaoid ar bith a úsáid!

30. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach bhfuil feidhm ort aon duine ag cur ceisteanna ort; creidimid leis seo gur tháinig tú ó Dhia.”

31. D'fhreagair Íosa iad, “An fíor é go gcreideann sibh anois?

32. Tá an t‑am ag teacht, is ea, tá an t‑am ann a mbeidh sibh do bhur scaipeadh, an uile dhuine agaibh ag filleadh abhaile, an t‑am a bhfágfaidh sibh i m'uath agus i m'aonar mé; siúd is nach bhfuil mé i m'aonar, nuair a bhíos an tAthair liom.

33. Dúirt mé an méid sin libh ionas go mbeidh bhur síocháin agaibh ionamsa. Beidh buairt oraibh ar an domhan seo; ach glacaigí ina mhórmhisneach é, ó tá buaite agam ar an domhan.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 16