Tiomna Nua

Eoin 16:20-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, beidh sibhse ag caoineadh agus ag mairgneach, agus beidh an domhan faoi lúcháir; beidh brón oraibh, ach iompóidh bhur mbrón chun lúcháire.

21. Bíonn an brón ar an mbean atá i dtinneas clainne, ós rud é gur tháinig a haimsir; ach nuair a bheirtear an leanbh di, ní cuimhneach léi na pianta, leis an lúcháir a bhíos uirthi go bhfuil duine tar éis teacht ar an saol.

22. Is mar sin atá brón oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh agus beidh lúcháir ar bhur gcroithe, agus ní fhéadfaidh aon duine bhur lúcháir a thógáil uaibh.

23. San lá úd ní bheidh sibh ag fiafraí feasa díom. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach bhfuil ní dá n‑iarrfaidh sibh ar an Athair i m'ainmse nach dtabharfaidh sé daoibh.

24. Níor iarr sibh aon ní i m'ainmse go dtí anois; iarraigí, agus gheobhaidh sibh, ionas go mbí bhur lúcháir lán.

25. “Tá an méid sin ráite agam libh i samhlaoidí; tá an t‑am ag teacht nach labhróidh mé níos mó i samhlaoidí, an t‑am a n‑inseoidh mé go soiléir sothuigthe daoibh i dtaobh an Athar.

26. Sa lá úd beidh sibh ag déanamh bhur n‑iarratas i m'ainmse; agus níl mé ag rá go nguífidh mé an tAthair ar bhur son;

27. mar bíonn grá ag an Athair féin daoibh, ó thug sibh grá dom agus ó tá sé creidte agaibh gur tháinig mé ón Athair.

28. Tháinig mé amach ón Athair agus isteach sa domhan; táim ag imeacht arís ón domhan le dul chuig an Athair.”

29. Arsa na deisceabail, “Seo anois ag labhairt go soiléir sothuigthe tú, gan samhlaoid ar bith a úsáid!

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 16