Tiomna Nua

Eoin 16:1-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Tá sé seo uile ráite agam libh ionas nach nglaca sibh scannal orm.

2. Beidh siad do bhur gcaitheamh amach as na sionagóga; ar ndóigh tá an t‑am ag teacht a silfidh an fear a mharós sibh go bhfuil gníomh adhartha á dhéanamh aige do Dhia.

3. Agus déanfaidh siad sin ó nach raibh aithne acu ar an Athair ná ormsa.

4. Ach tá sin inste agam daoibh ionas go gcuimhní sibh san am a dtarlós sé gur inis mé daoibh é.“Níor inis mé na nithe seo daoibh ar dtús, ó bhí mé libh.

5. Ach táim anois ag imeacht chuig an té a chuir chugaibh mé; agus gan duine agaibh ag fiafraí díom, ‘Cá bhfuil do thriall?’

6. Ach tá bhur gcroíthe lán de bhrón faoi mé sin a rá libh.

7. Ach táim ag insint na fírinne daoibh gur le bhur leas an t‑imeacht seo agam, mar mura n‑imím uaibh, ní thiocfaidh an Comhairleoir chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

8. Agus nuair a thiocfas sé, ciontóidh sé an saol faoi pheaca agus faoi fhíréantacht agus faoi bhreithiúnas:

9. faoi pheaca, ó nach gcreideann siad ionam;

10. faoi fhíréantacht, ó táim ag imeacht chun an Athar, gan bheith le feiceáil agaibh níos mó;

11. faoi bhreithiúnas, ó tá an bhreith tugtha ar uachtarán an tsaoil seo.

12. “Is iomaí sin rud atá agam go fóill le rá libh, ach níl acmhainn agaibh orthu san am i láthair.

13. Nuair a thiocfas Spiorad na fírinne, is é a threorós sibh chun iomlán na fírinne; mar ní uaidh féin a labhrós sé, ach labhróidh sé an méid a chluinfeas sé, agus inseoidh sé daoibh faoina bhfuil le teacht.

14. Glóireoidh sé mé, ó glacfaidh sé a bhfuil agam agus foilseoidh sé daoibh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 16