Tiomna Nua

Eoin 15:2-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Gach craobh orm nach dtugann toradh, beireann sé as í, agus gach craobh dá dtugann toradh bíonn sé á diogáladh, ionas go dtabharfaidh sí tuilleadh toraidh uaithi.

3. Tá sibhse glanta cheana féin leis an mbriathar a labhair mé libh.

4. Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa.

5. Is mise an fhíniúin, is sibhse craobhacha na fíniúna. An té sin a chónaíos ionamsa, agus a mbímse i mo chónaí ann, is é is troime toradh, mar ní fhéadann sibh faic a dhéanamh i m'éagmais.

6. Má tá duine ann nach bhfanann ionam, caithfear amach é, mar a chaitear craobh amach agus mar a chríonann sí; agus bítear ag bailiú na gcraobhacha caite sin, agus á gcaitheamh isteach sa tine agus á ndó.

7. Má fhanann sibh ionamsa, agus má fhanann mo bhriathrasa ionaibh, bígí ag iarraidh bhur rogha ruda, agus déanfar an rud sin daoibh.

8. Is é seo a bhíos mar ábhar glóirithe ag m'Athair, toradh trom a theacht oraibh, rud a chruthós go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam.

9. Thug mé an grá daoibh a thug an tAthair domsa; fanaigí i mo ghrá-sa.

10. Fanfaidh sibh i mo ghrá-sa ach sibh m'aitheanta a choinneáil, mar a choinnímse aitheanta m'Athar agus mar a fhanaimse ina ghrá-san.

11. Tá na nithe seo inste agam daoibh, ionas go mbí sibh in bhur n‑ábhar lúcháire agam, agus ionas go mbí bhur lúcháir lán.

12. “Is í seo m'aithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh.

13. Níl grá ar bith ann ag fear ar bith is mó ná seo, an fear a thabharfadh a anam ar son a chairde.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 15