Tiomna Nua

Eoin 14:22-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Arsa Iúdás (nárbh é Iúdás Iscariót é) leis, “A Thiarna, conas a thaispeánfaidh tú thú féin dúinn, agus nach dtaispeánfaidh tú thú féin don saol?”

23. D'fhreagair Íosa é, “Má thugann duine grá dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaidh an dís againn chuige agus déanfaimid ár dteach agus ár n‑áras de.

24. An duine nach mbíonn grá aige dom ní bhíonn mo bhriathra á gcoinneáil aige; agus an briathar sin a chluineas sibh uaim ní liom é ach leis an Athair a chuir chugaibh mé.

25. “Tá an méid sin inste agam daoibh fad agus atá mé agaibh.

26. Ach tá an Comhairleoir ann, an Naomhspiorad a chuirfeas an tAthair uaidh i m'ainmse, is é a mhúinfeas gach uile eolas daoibh, agus a chuirfeas i gcuimhne daoibh gach uile fhocal a dúirt mé libh.

27. Fágaim an tsíocháin agaibh, tugaim mo shíocháinse daoibh; ní thugaim daoibh mar a thugann an saol. Ná bíodh aon bhuairt ná beaguchtach ar bhur gcroíthe.

28. Chuala sibh a ndúirt mé libh, go bhfuil mé ag imeacht uaibh, le teacht chugaibh. Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh lúcháir oraibh faoi mo dhul chuig an Athair; ós cumhachtaí an tAthair ná mé.

29. Agus anois tá sé inste agam roimh ré, ionas go gcreide sibh nuair a tharlós sé.

30. Ní bheidh mórán agam le rá libh feasta, mar tá uachtarán an tsaoil seo ag teacht. Níl aon smacht aige ormsa;

31. ó bímse ag déanamh mar a d'ordaigh an tAthair dom, ionas go n‑aithní an saol go mbíonn grá agam don Athair. Éirígí, imímis as seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 14