Tiomna Nua

Eoin 14:1-12 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Ná bíodh buairt ar bhur gcroithe; creidigí i nDia, creidigí ionamsa freisin.

2. Is iomaí sin seomra sa teach atá ag m'Athairse; mura raibh sin amhlaidh, an mbeinn tar éis a insint daoibh go bhfuil mé ag imeacht le háit a ullmhú ann daoibhse?

3. Agus nuair a bheas mé imithe agus an áit ullmhaithe agam daoibhse, tiocfaidh mé ar ais chugaibh arís agus glacfaidh mé isteach chugam féin sibh, ionas go mbeidh sibh mar a mbím.

4. Agus tá eolas na slí agaibh a bhfuil mé le himeacht uirthi.”

5. Dúirt Tomás leis, “A Thiarna, níl a fhios againn cá bhfuil tú ag dul; conas is féidir eolas na slí a bheith againn?”

6. Arsa Íosa leis, “Is mise an tsli, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aon duine chuig an Athair mura dtagann sé tríom.

7. Dá mbeadh aithne agaibh orm bheadh aithne agaibh ar m'Athair freisin; agus uaidh seo suas tá aithne agaibh air agus tá sé feicthe agaibh.”

8. Dúirt Pilib leis, “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair, agus is leor linn é.”

9. Arsa Íosa leis, “An bhfuil mé an fad seo ama agaibh, gan tú aithne a fháil orm, a Philib? An té a chonaic mise chonaic sé an tAthair; conas a déarfá mar sin, ‘Taispeáin an tAthair dúinn’?

10. An é nach gcreideann tusa go bhfuil mise san Athair agus go mbíonn an tAthair ionam? Na briathra a deirim libh ní uaim féin a deirim iad; ach is é an tAthair, a bhíos ina chónaí ionamsa, atá i gceann a oibreacha.

11. Creidigí uaimse é go bhfuil mise san Athair agus an tAthair ionam; sin, nó creidigí ionamsa mar mhaithe leis na hoibreacha féin.

12. “Is fíor agus is fírinneach a bhfuil á insint agam daoibh, an té a chreideas ionam déanfaidh sé na hoibreacha atá á ndéanamh agam; agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo, mar tá fúm imeacht chun an Athar.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 14