Tiomna Nua

Eoin 12:38-49 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

38. ní a tharla ag fíorú an bhriathair a labhair an fáidh Ísáia:“A Thiarna, cé a chreid dár dtuairisc,agus cé hé sin ar nochtadh dó an t‑urradh atá i ngéag an Tiarna?”

39. Dá bhri sin níor fhéad siad creidiúint. Mar dúirt Ísáia arís,

40. “Tá a súile dallta agus a gcroithe calcaithe aige,sa tsli nach bhfeicfeadh a súile agus nach mothódh a gcroithe,agus nach dtiontóidís thart ionas go leigheasfainn iad.”

41. Dúirt Isáia an méid sin ar siocair go bhfuair sé amharc ar a ghlóir agus is air a thrácht sé.

42. Ni lúide chreid mórán de na cinn urraidh féin ann, ach leis an eagla a bhí orthu roimh na Fairiséigh níor admhaigh siad é, ar eagla go gcaithfí amach as an tsionagóg iad;

43. mar b'ansa leo moladh ó dhaoine ná moladh ó Dhia.

44. Agus ghlaoigh Íosa os ard agus dúirt sé, “An té a chreideas ionam, ní hionamsa a chreideas sé ach sa té a chuir anseo mé.

45. Agus an té a fheiceas mé feiceann sé an té a chuir anseo mé.

46. Tháinig mise isteach sa saol mar a bheadh solas ann, ionas nach bhfana an té a chreideas ionam sa dorchadas.

47. Má chluineann duine briathra mo chainte gan a gcur i ngníomh, ní thugaimse breithiúnas air; mar ní leis an domhan a chur faoi bhreithiúnas ach leis an domhan a shlánú a tháinig mé.

48. An té a dhiúltaíos dom agus nach nglacann le mo bhriathra, bíonn breitheamh air; an briathar a labhair mé, beidh an briathar seo mar bhreitheamh air lá deiridh an domhain.

49. Mar ní uaim féin a labhair mé; an tAthair a chuir anseo mé, is é féin a thug an t‑ordú dom faoi cad i an chaint a labhróinn.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 12