Tiomna Nua

Eoin 1:33-51 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

33. Níor aithin mé féin é ach is é a dúirt an té a chuir mé a bhaisteadh le huisce liom, ‘An té a bhfeiceann sibh an Spiorad ag tuirlingt air agus ag fanacht aige, is é sin an té a bhaisteas leis an Spiorad Naomh.’

34. Agus tá sin feicthe agam agus fianaise tugtha agam gurb é seo Mac Dé.”

35. An lá ina dhiaidh sin bhí Eoin ina sheasamh le beirt dá dheisceabail;

36. agus d'amharc sé ar Íosa ag siúl thart, agus ar seisean, “Féach Uan Dé!”

37. Chuala an bheirt deisceabal é á rá sin, agus lean siad Íosa.

38. Thiontaigh Íosa thart, go bhfaca iad á leanúint, agus ar seisean leo, “Cad é atá uaibh?” Agus dúirt siadsan leis, “A Rabbí (a chiallaíos Oide), cá bhfuil tú ag fanacht?”

39. Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus d'fhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair.

40. Bhi Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar ar dhuine den bheirt a chuala caint Eoin, agus a lean é.

41. Ba é an chéad ní a rinne sé dul ar lorg a dhearthár Siomón, agus dúirt sé leis, “Táimid tar éis an Messía a fháil” (a chiallaíos an Críost).

42. Thug sé leis chuig Íosa é. D'amharc Íosa air, agus dúirt sé, “Is tú Síomón mac Eoin mar sin? Tabharfar Céfas ort” (a chiallaíos Peadar).

43. An lá ina dhiaidh sin bhí rún ag Íosa dul go Galailí.

44. Tháinig sé ar Philib agus dúirt sé leis, “Lean mé.” Anois ba as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, do Philib.

45. Chuaigh Pilib ar lorg Natanael, agus dúirt sé leis, “Tá sé faighte againn, an té ar scríobh Maois sa dlí agus ar scríobh na fáithe faoi freisin, Íosa Nasara, mac Iósaif.”

46. Is é a dúirt Natanael leis, “An bhféadann aon mhaith teacht as Nasair?” Arsa Pilib leis, “Tar ort go bhfeice tú.”

47. Chonaic Íosa Natanael chuige agus dúirt sé faoi, “Seo Iosraelíteach dáiríre nach bhfuil cealg ann!”

48. Arsa Natanael leis, “Conas atá aithne agat orm?” D'fhreagair Íosa é, “Sular ghlaoigh Pilib ort, nuair a bhí tú faoin chrann fige, chonaic mé thú.”

49. D'fhreagair Natanael é, “A Rabbí, is tú Mac Dé! Is tú Rí Iosrael!”

50. D'fhreagair Íosa é, “An gcreideann tú de bharr mé á rá go bhfaca mé thú faoin gcrann fige? Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.”

51. Agus dúirt sé leis, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá go bhfeicfidh tú doirse neimhe á n‑oscailt, agus aingil Dé ag éirí agus ag tuirlingt ar Mhac an duine.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 1