Tiomna Nua

Eoin 1:26-41 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh,

27. is é féin an té a thiocfas i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuaráin a scaoileadh.”

28. Tharla sé sin i mBétáin taobh thall den Iornán, áit a raibh Eoin ag baisteadh.

29. An lá ina dhiaidh sin chonaic sé Íosa chuige, agus dúirt sé, “Féach Uan Dé, a bheireas leis peacaí an domhain!

30. Is é seo an té a ndúirt mé faoi, ‘Tá fear ag teacht i mo dhiaidh a bhíos i dtosaíocht orm, ó bhí sé ann romham.’

31. Níor aithin mé féin é; ach is chuige seo a tháinig mé ag baisteadh le huisce, ionas go bhfoilsítí d'Iosrael é.”

32. Agus thug Eoin fianaise, “Chonaic mé an Spiorad ag tuirlingt mar cholm ó neamh, agus d'fhan sé air.

33. Níor aithin mé féin é ach is é a dúirt an té a chuir mé a bhaisteadh le huisce liom, ‘An té a bhfeiceann sibh an Spiorad ag tuirlingt air agus ag fanacht aige, is é sin an té a bhaisteas leis an Spiorad Naomh.’

34. Agus tá sin feicthe agam agus fianaise tugtha agam gurb é seo Mac Dé.”

35. An lá ina dhiaidh sin bhí Eoin ina sheasamh le beirt dá dheisceabail;

36. agus d'amharc sé ar Íosa ag siúl thart, agus ar seisean, “Féach Uan Dé!”

37. Chuala an bheirt deisceabal é á rá sin, agus lean siad Íosa.

38. Thiontaigh Íosa thart, go bhfaca iad á leanúint, agus ar seisean leo, “Cad é atá uaibh?” Agus dúirt siadsan leis, “A Rabbí (a chiallaíos Oide), cá bhfuil tú ag fanacht?”

39. Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus d'fhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair.

40. Bhi Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar ar dhuine den bheirt a chuala caint Eoin, agus a lean é.

41. Ba é an chéad ní a rinne sé dul ar lorg a dhearthár Siomón, agus dúirt sé leis, “Táimid tar éis an Messía a fháil” (a chiallaíos an Críost).

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 1