Tiomna Nua

Eoin 1:15-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

15. (Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”)

16. Agus fuaireamar uile ár gcion amach as a fhairsinge, grásta ar mhuin ghrásta.

17. Mar is trí Mhaois a bronnadh an dlí; tháinig an grásta agus an fhírinne i gcrích trí Íosa Críost.

18. Ní fhaca súil dhaonna Dia; is é an t‑aon Mhac, a bhíos i mbrollach an Athar, a thug uaidh a bhfuil d'eolas air.

19. Agus is í seo fianaise Eoin, nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Lébhítigh ó Iarúsailéim lena fhiafraí de, “Cé tusa?”

20. D'admhaigh sé é, agus níor shéan sé é, ach d'admhaigh sé, “Ní mise an Críost.”

21. Agus d'fhiafraigh siad de, “Cé tú mar sin? An tú Elía?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair sé, “Ní mé.”

22. D'fhiafraigh siad de ansin, “Cé tú féin? Tabhair freagra dúinn go n‑insímid é don dream a chuir anseo sinn. Cad é atá le rá agat fút féin?”

23. Ar seisean, “Níl ionam ach glór daonna ag glaoch ar an bhfásach, ‘Dirígí bealach an Tiarna,’ mar a dúirt an fáidh Isáia.”

24. Anois ba iad na Fairiséigh a chuir uathu iad.

25. “D'fhiafr­aigh siad de, “Cad chuige a bhfuil tú ag baisteadh, mura tú an Críost, ná Elía, ná an fáidh?”

26. Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh,

27. is é féin an té a thiocfas i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuaráin a scaoileadh.”

28. Tharla sé sin i mBétáin taobh thall den Iornán, áit a raibh Eoin ag baisteadh.

29. An lá ina dhiaidh sin chonaic sé Íosa chuige, agus dúirt sé, “Féach Uan Dé, a bheireas leis peacaí an domhain!

30. Is é seo an té a ndúirt mé faoi, ‘Tá fear ag teacht i mo dhiaidh a bhíos i dtosaíocht orm, ó bhí sé ann romham.’

31. Níor aithin mé féin é; ach is chuige seo a tháinig mé ag baisteadh le huisce, ionas go bhfoilsítí d'Iosrael é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 1