Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 8:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an tan do fhosguil sé an seachdmhadh séula, do bhí cíunas ar neamh túairim leathuáire.

2. Agus do chonnairc mé na seachd naingil do sheas a bhfíadhnuise Dé; agus tugadh seachd sduic dhóibh.

3. Agus tainic aingeal eile agus do sheas sé a bhfíadhnuise na haltora, agá raibh sionnsa órrgha; agus tugadh móran do neithibh deaghbhaluidh dhó, chum a gcurtha maille ré hurnuighibh na nuile náomh ar a naltóir órrgha do bhí a bhfíadhnuise na catháoire.

4. Agus do chuáidh deatach na neitheann ndéaghbhaluidh sin, maille ré hurnuighibh na náomh as láimh a naingil a bhfíadhnuise Dé.

5. Agus do ghlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do theine na haltóra, agus do theilg sé fan dtalamh é: agus do éirigh góthanna, agus tóirneach, agus tinnteach, agus crith talmhan ann.

6. Agus do ullmhúigheadar na seachd naingil agá rabhadar na seachd sduic íad féin chum na sdoc do shéideadh.

7. Agus do shéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloichshneachda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeadh íad fón dtalamh: agus do dhóigheadh an treas cuid do na crannuibh, agus do dóigheadh an féur glas uile.

8. Agus do shéid an dara haingeal a sdoc agus do teilgeadh cosamhlachd sléibhe móir tré theinidh fan bhfairrge: agus do rinneadh fuil don treas cuid don fhairrge;

9. Agus fuáir an treas an cuid do na creatúiribh do bhí sa bhfairrge, ann a raibh anam, bás; agus do haidhmhilleadh an treas cuid do na longuibh.

10. Agus do shéid an treas aingeal a sdoc, agus do thuit réult mhór ó néamh, ar dearglasadh mar lóchrann sholasda, agus do thuit sé sa treas cuid do na haibhnibh, agus sna tiubruidibh duisge;

11. Agus a sé ainm ghoirthear don réult sin Mormónta: agus do hiompoigheadh an treas cuid do na huisgidhibh a mormónta; agus fúaradar morán bás ó ná huisgidhibh, tré go rabhadar searbh.

12. Agus do shéid an ceathramhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid don ghréin, agus an treas cuid don ghealuidh, agus an treas cuid do na réultuibh; ionnus go ndearnadh an treas cuid diobh dorcha, agus níor dheallruigh an lá an treas cuid de, agus a noidhche mar an gcéudna.

13. Agus do chonnairc mé, agus do chúaluidh mé aingeal ná áonar ag eitealluidh a meadhón neimhe, ag rádh do ghúth árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitigheas an talamh ar son ghóthann sdoc na dtrí naingeal atá fós chum teachda, ar tí a sdoc do shéideadh!

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 8