Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 7:11-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanóirigh agus na gceithre mbeathach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfiadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir do Dhía,

12. Ag rádh, Amén: Moladh, agus glóir, agus éagna, agus buidheachas, agus onóir, agus cúmhachda, agus neart dár Ndíane go sáoghal na sáoghal. Amén.

13. Agus do fhreagair neach do na seanóiribh, ag rádh riom, Créd íad an luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala? agus cá hionad as a dtangadar?

14. Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.

15. Uime sin atáid síad a bhfíadhnuise árdchathaoire Dé, agus do níd seirbhís dósan do ló agus doidhche ann a theampoll: agus an tí atá na shuighe sa gcathaóir áiteochuidh sé na measg.

16. Ní bhiáidh ocarus orra nisa mhó, ná tart feasda orrtha; agus ní luíghfidh an ghrían orrtha, ná teas ar bith.

17. Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 7