Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 5:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do chonnairc mé ar láimh dheis an tí do bhí na shuídhe sa gcathaóir, leabhar sgríobhtha don táoibh a stigh agus don táobh a muigh, do daingnigheadh ré seachd séula.

2. Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar noch do sheanmóruígh do ghúth árd, Cía atá iomchubhaidh chum an leabhair dfosgladh, agus chum a shéuluighe sgáoileadh?

3. Agus níor bhféidir ré héinneach air neamh, ná air talamh, ná fáoi an dtalamh, an leabhar dfosgladh, ná fós feuchain air.

4. Ann sin do cháoi mise go mór, do bhrígh nach raibh éinneach air fhagháil do bfíu an leabhar dosgladh ná a leughadh, na fós féuchain air.

5. Agus a dúbhairt neach do na seanóiribh riom, Ná guil: féuch, rug an Leomhan do threibh Iúda, Fréumh Dháibhí, buáidh air an leabhar dfosgladh, agus ar a sheachd séuluighibh go sgáoileadh.

6. Uime sin do fhéuch mé, agus, féuch, a meadhón na cathaóireach, agus na gceithre mbeathach, agus a meadhón na seanóir, Uán na sheasamh amhuil tar éis a mharbhtha, ar a rabhadar seachd nadharca agus seachd súile, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad do cuireadh amach feadh na talmhan uile.

7. Agus táinic sé agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an tí do bhí na shuighe sa gcathaóir.

8. Agus ar nglacadh an leabhair dhó, do leigeadar na ceithre beathuigh agus an ceathrar ar fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise a Nuáin, ar mbeith chláirseach, agus shoitheach nórgha ag gach áon díobh fó leith lán do dheagbhalaidhibh, agár ab íad urnuighe na náomh íad.

9. Agus do chanadar cainntic núadh, ag rádh, As fíu thusa an leabhar do ghlacadh, agus a shéuluidhe dfosgladh: do bhrígh gur marbhadh thú, agus gur cheannuidh tú sinne do Dhía réd fhuil féin as a nuile threibh, agus theanguidh, agus phubal, agus chineadh;

10. Agus go ndearna tú ríghthe agus sagairt dinn dár Ndía féin: agus bíam ag ríaghlughadh air an dtalamh.

11. Do fhéuch mé an tan sin, agus do chúaluidh mé gúth mhórain dainglibh a dtimchioll na cathaóireach agus na mbeathach agus na seanoir: agus a sé líon do bhádar ann deich míle núair deich míle agus miltidheadh do mhíltibh;

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 5