Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 4:5-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus táinic amach ón gcatháoir sin tinnteach agus tóirrneach agus gothanna: agus do bhádar seachd lampuighe teineadh ar dearglasadh a bhfíadhnuise na catháoireach, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad.

6. Agus do bhí a bhfíadhnuise na cathaóireach fairrge ghloine bá cosmhuil ré criosdal: agus eidir an gcathaóir, agus na neithe do bhí na timchioll, do bhádar ceithre beathuigh lán do shúilibh rompadh agus na ndiáigh.

7. Agus bá cosmhuil an céud bheathach ré leomharr, agus an dara beathach cosmhuil ré láodh, agus ag an dtreas beathach do bhí aghuidh mar dhuine, agus bá cosmhuil an ceathramhadh beathach ré hoilar ag eitealluidh.

8. Agus do bhí ar gach beathach fó leith do na ceithre beathuighibh sin, sé sgiatháin fá gcuáirt; agus íad don táobh a stigh lán do shúilibh: agus níor sguireadar do ló ná doidhche, dá bheith ag rádh, Is náomhtha, náomhtha, náomhtha, an Tighearna Día Uilechúmhachdach, an té bhí, agus atá agus bhías.

9. An tan thugadar na beathuidh sin glóir onóir agus buidheachas don té bhí na shuidhe sa gcatháoir, noch a mhaireas go sáoghal na sáoghal,

10. Do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise an té do shuigh sa gcathaóir, agus tugadar onóir don té mhaireas go sáoghal na sáoghal, agus do theilgeadar a gcorónacha a bhfíadhnuise na catháoire, ag rádh,

11. As fíu thú, a Thíghearna, glóir, agus onóir, agus cúmhachda dfagháil: óir as tú do chruthuigh na huile neithe, agus as tré do thóilse atáid agus do crúthuighéadh íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 4