Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 4:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na dhiaigh so do fhéuch me, agus, féuch, doras fosguilte ar neamh: agus an céud ghúth do chúaluidh mé, mar fhuáim sduic ag labhairt riom; ag rádh, Gabh a níos ann so, agus foillseóchad dhuit na neithe as éigean do dhéunamh na dhiáigh so.

2. Agus do bhí mé gan fhuireach san sbioruid: agus, féuch, do bhí catháoir ríogha ar na suigheadh ar neamh, agus do bhí neach na shuidhe sa gcatháoir.

3. Agus an tí do shuigh bá cosmhuil é ré na fhéuchain ré cloich Iaispis agus Shardis: agus do bhí bogha uisge a dtimchioll na catháoire fá gcuáirt, bá cosmhuil ré ná fhéuchain ré cloich smaragad.

4. Agus a dtimchioll na catháoireach fá gcuáirt do bhádar ceithre catháoireacha fithchead: agus do chonnairc mé sna catháoireachuibh sin na suidhe, ceathrar ar fichid seanóir umá raibh éuduighe gléigheala; agus do bhádar coróna órrgha aca ar a gceannuibh.

5. Agus táinic amach ón gcatháoir sin tinnteach agus tóirrneach agus gothanna: agus do bhádar seachd lampuighe teineadh ar dearglasadh a bhfíadhnuise na catháoireach, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 4