22. Agus ní fhácuidh mé teampoll innte óir a sé an Tíghearna Día Uilechumhachdach agus an Túán as teampoll di.
23. Agus ní ríachdanach air an ccathruighse grían, ná gealach dó shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.
24. Agus siubhalfuidh na cineadhacha díobh ata slan ann a solais sin: agus béuruid ríghthe na talmhan a nglóir agus a nonóir chuice.
25. Agus ní dúnfuighthear a geatuídhe do ló: óir ní bhiáidh oidhche ann sin.