Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 20:4-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus do chonnairc mé cáthaóireacha, agus do shuigheadar dream ionnta, agus do tugadh breitheamhnus dóibh: agus do chonnairc mé anmanna na druinge do dícheannadh ar son fhiadhnuise Iosa, agus ar son bhreithre Dé, agus nach dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá iomháigh, agus nár ghabh a chomhartha chuca a gcláruibh a néudan, ná na láimh; agus mairfid agus béid na ríoghuibh a bhfochair Chríosd míle blíadhuin.

5. Agus an chuid eile do na marbhuidh ní búdh béo íad a rís go criochnughadh an mhíle blíadhan. A sí só an chéud eiséirghe.

6. Is beannuighe agus is náomhtha an tí agá bhfuil cuid aige sa gcéud eiséirghe: óir ní bhfuil cúmhachda ag an dara bás orrtha so, achd béid síad na sagartuibh do Dhía agus do Chríosd, agus béid na ríoghuibh na fhochairsean míle blíadhuin.

7. Agus an tan chríochnóchar an míle blíadhan, sgaóilfighthear Satán as a phríosún,

8. Agus racha sé amach do mhealladh na gcineadhach noch atá a gceithre chorruibh na talmhan, Gog agus Magog, chum a gcnúsuigh a gceann a chéile chum catha; agá bhfuil a nuibhir amhuil ghaineamh na fairrge.

9. Agus do chúadar súas ar leithead na talmhan, agus do thimchiolladar campa na náomh, agus an chaithair ionmhuin: agus táinic teine a núas ó neamh ó Dhía, agus do shluig sí íad.

10. Agus do teilgeadh an díabhal do mheall íad a loch teineadh agus ruibhe, mar a bhfuil an beathach agus an fáidh fallsa, agus béid síad dá bpianadh do ló agus doidhche go sáoghal na sáoghal.

11. Agus do chonnairc mé cathaóir mhór gheal, agus neach áirighe na shuidhe innte, agár theith talamh agus neamh roimhe; agus ní fríth a náit.

12. Agus do chonnairc mé na mairbh, eidír bheag agus mhór, na seasamh a bhfíadhnuise Dé; agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na mharbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh.

13. Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhí innte; agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 20