Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 20:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh éochar an phuill dubhaigein, agus slabhradh mór ann a láimh.

2. Agus rug sé ar an drágún, an seanathair nimhe, noch is Díabhal agus is Satán ann, agus do cheanguile sé é míle blíadhain,

3. Agus do theilg é sa bpoll dubhaigéin, agus do dhún, agus do chuir sé séula air, ionnus nach meallfadh sé na cineadhacha ní sa mhó, go ccoimhlíonfuidh an míle blíadhan: agus na dhiáigh sin is éigean a sgaóileadh feadh aimsire aithghearra.

4. Agus do chonnairc mé cáthaóireacha, agus do shuigheadar dream ionnta, agus do tugadh breitheamhnus dóibh: agus do chonnairc mé anmanna na druinge do dícheannadh ar son fhiadhnuise Iosa, agus ar son bhreithre Dé, agus nach dtug onóir don nainmhidhe, ná dhá iomháigh, agus nár ghabh a chomhartha chuca a gcláruibh a néudan, ná na láimh; agus mairfid agus béid na ríoghuibh a bhfochair Chríosd míle blíadhuin.

5. Agus an chuid eile do na marbhuidh ní búdh béo íad a rís go criochnughadh an mhíle blíadhan. A sí só an chéud eiséirghe.

6. Is beannuighe agus is náomhtha an tí agá bhfuil cuid aige sa gcéud eiséirghe: óir ní bhfuil cúmhachda ag an dara bás orrtha so, achd béid síad na sagartuibh do Dhía agus do Chríosd, agus béid na ríoghuibh na fhochairsean míle blíadhuin.

7. Agus an tan chríochnóchar an míle blíadhan, sgaóilfighthear Satán as a phríosún,

8. Agus racha sé amach do mhealladh na gcineadhach noch atá a gceithre chorruibh na talmhan, Gog agus Magog, chum a gcnúsuigh a gceann a chéile chum catha; agá bhfuil a nuibhir amhuil ghaineamh na fairrge.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 20