Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 2:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Gidheadh atá so agad, go bhfuil fúath agad doibreachuibh na Nícoláiteach, dá bhfuil fúath agumsa mar an gcéudna.

7. An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisidhibh; Do bhéura mé don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch atá a meadhón phárrthais Dé.

8. Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach noch fuáir bás, agus atá beó;

9. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do bhuáidhirt, agus do bhochdaine, (gidheadh atá tú sáidhbhir) agus an mhalsa do bheir an dream noch a dei gur Iúduigheadh íad féin, agus ní headh achd sinagóig Shátain.

10. Ná bíodh eagla éinneithe dhá bhfuileónguidh tú ort: féuch, teigeumhuidh go dteilgfe an díabhal cuid aguibh a bpríosún, chum bhur ndearbhtha; agus biáidh sibh dá bhur mbuáidhreadh deich lá: bí díleas go bás, agus do bhéursa dhuit coróin na beatha.

11. An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an spiorud ris na heagluisidhibh; An tí bheireas buáidh ní bhfuighe sé dochar ón dara bás.

12. Agus sgriobh chum aingil na heagluise atá a Bpergamus; Ag so na neíthe a deir an tí agá bhfuil an cloidheamh géur dhá fháobhar;

13. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus hionad comhnuighe, a náit a bhfuil ardchatháoir Shátain: agus coimhéudann tú mainmse, agus níor shéun tú mo chreideamh, sna laethibh fós ionar marbhadh Antipas mfíadhnuise fhíre, eadruibhse, sa nionad na bhfuil Sátan na chomhnuighe.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 2