Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 2:17-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhíbh; Do bhéurad don tí bheireas buáidh ré a ithe don mhanna fholuigheach, agus do bhéur dhó cloch gheal, agus ainm núadh sgríobhtha air an gcloich, nách aithnidh daóin neach achd amháin don tí ghlacas í.

18. Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neithe a deir Mac Dé, agá bhfuilid a shúile mar Iasair theineadh, agus a chosa cosmhuil ré fionnbhruiné;

19. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do ghrádh, agus do mhíniosdrálachd, agus do chreideamh, agus dfoighid, agus do ghníomhartha, agus gur líonmhuire íad fá dheireadh ná ó thosuigh.

20. Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Iesabel, a deir gur banfháidh í féin, teagusg do thabhairt uáithe agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhealladh chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodhbairt diodhaluibh ithé.

21. Agus tug mé aimsir dhi chum aithrighe dhéunamh a dtáobh a sdríopachais; agus ní dhearna sí aithrighe.

22. Féuch, teilgfé mé í a leabuidh, agus an dream do ní drúis ría a mbuáidhirt ro mhóir, muna dhearnuid síad aithrighe a dtáobh a ngníomharthadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 2