Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 2:12-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Agus sgriobh chum aingil na heagluise atá a Bpergamus; Ag so na neíthe a deir an tí agá bhfuil an cloidheamh géur dhá fháobhar;

13. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus hionad comhnuighe, a náit a bhfuil ardchatháoir Shátain: agus coimhéudann tú mainmse, agus níor shéun tú mo chreideamh, sna laethibh fós ionar marbhadh Antipas mfíadhnuise fhíre, eadruibhse, sa nionad na bhfuil Sátan na chomhnuighe.

14. Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuil agud sa náit sin dream leanas do theagusg Bhálaam, an tí do theaguisg Bálac fá adhbhar oilbhéime do chur roimhe chloinn Israél, ionnus go níosdáois na neithe do bhí ar na niodhbairt diodhaluibh, agus go ndéunaidís sdríopachas.

15. As amhluidh sin atá agudsa mar an gcéudna dream leanas do theagusg na Nicoláiteach, an ní air a bhfuil fúath agumsa.

16. Déun aithrighe; nó tiucfa mé ort go haithghéarr, agus troidfead ríu ré cloidheamh mo bhéil.

17. An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhíbh; Do bhéurad don tí bheireas buáidh ré a ithe don mhanna fholuigheach, agus do bhéur dhó cloch gheal, agus ainm núadh sgríobhtha air an gcloich, nách aithnidh daóin neach achd amháin don tí ghlacas í.

18. Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neithe a deir Mac Dé, agá bhfuilid a shúile mar Iasair theineadh, agus a chosa cosmhuil ré fionnbhruiné;

19. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do ghrádh, agus do mhíniosdrálachd, agus do chreideamh, agus dfoighid, agus do ghníomhartha, agus gur líonmhuire íad fá dheireadh ná ó thosuigh.

20. Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Iesabel, a deir gur banfháidh í féin, teagusg do thabhairt uáithe agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhealladh chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodhbairt diodhaluibh ithé.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 2