Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 2:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Sgriobh chum aingil eagluise Ephesuis; Ag so na neithe a deir an tí chomgmhas na seachd réulta na láimh dheis, noch shiúbhlas a meadhón na seachd gcoinnleóir órrgha;

2. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do sháothar, agus thfoighid, agus nách éidir leachd iomchar ris na drochdháoinibh: agus gur dhearbh tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus nach eadh, agus fuáir tú breúgach íad:

3. Agus do cuireadh eire ort, agus iomchruidh tú go foighideach, agus ar son mhanmasa do rinne tú sáothar, agus níor tuirsigheadh thú.

4. Gidheadh atá agum a tádhuigh, gur thréig tú do chéudghrádh.

5. Uime sin bíodh coimhne agud cá hionad as ar thuit tú, agus bíodh aithreachas ort, agus déun na céudoibreacha; nó tiucfuidh mé ad choinne go haithghearr, agus athróchad do choinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aithrighe.

6. Gidheadh atá so agad, go bhfuil fúath agad doibreachuibh na Nícoláiteach, dá bhfuil fúath agumsa mar an gcéudna.

7. An tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisidhibh; Do bhéura mé don tí bheireas buáidh, ní ré a ithe do chrann na beatha, noch atá a meadhón phárrthais Dé.

8. Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach noch fuáir bás, agus atá beó;

9. As aithnidh dhamh hoibreacha, agus do bhuáidhirt, agus do bhochdaine, (gidheadh atá tú sáidhbhir) agus an mhalsa do bheir an dream noch a dei gur Iúduigheadh íad féin, agus ní headh achd sinagóig Shátain.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 2