Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 18:15-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Seasfuid ceannuighthe na neitheannsa do rínneadh saidhbhir ría, a bhfad uáithe ar eagla a peannuide, ag gul agus ag cáoi,

16. Agus ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór, do bhí ar na héudughadh do linéudach caól, agus do phurpaír, agus do sgárlaóid, agus do bhí ar na hóradh ré hór, agus ré clochuibh búadha, agus ré péurluighibh!

17. Cionnas do cuireadh fá neamhní chomhmór sin do shaidhbhrios ré headh éunuáire. Agus seasfuidh gách maighisdir luinge, agus gach duine shéolas a longuibh, agus na máirnéuluigh, agus an mhéid do gheibh sochar na fairrge, a bhfad uáithe,

18. Agus béid ag éighmhe an tan chífid deatach na teineadh ré a loisgfightear í, ag rádh, Cía an chathair bá cosmhail ris an gcathair mhóirse!

19. Agus teilgfid luáithreach ar a gceannuibh, agus béid ag éighmhe, ag gul agus ag caói, ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór, ré ndearnadh saidhbhir an mhéid agá rabhadar longa ar fairrge do bhrígh a saidhbhriosa sin! Óir do fasuigheadh í a néunuáir.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 18